giovedì, novembre 25, 2004

Bríd Óg Ní Mháille

Bríd Óg Ní Mháille


'Sa Bhríd Óg Ní Mháille, 's tú d'fhág

mo chroí cráite,

'S chuir tú arraingeach' an bháis

trí cheart-lár mo chroí;

Tá na céadta fear i ngrá le d'éadan

ciúin náireach,

Is go dtug tú barr breáthacht' ar

Thír Oirghiall' más fíor.




Níl ní ar bith is áille ná'n ghealach

os cionn a' tsáile,

Ná bláth bán na n-airní a' fás ar an

draighean;

Ó siúd mar 'bhíonn mo ghrása níos

trilsí le breáthacht,

Béilín meala na háilleacht' nach

ndearna riamh claon.



Is buachaill deas óg mé 'tá 'triall

chun mo phósta,

'S ní buan i bhfad beo mé mura

bhfaighidh mé mo mhian;

A chuisle 's a stóirín, déan réidh

agus bí romhamsa

Ceann deireanach den Domhnach

ar Bhóithrín Dhroim Sliabh.



Is tuirseach 's is brónach a

chaithimse an Domhnach -

Mo hata 'mo dhorn 's mé ag osnaíl

go trom -

'S mé ag amharc ar an mbóthar a

mbíonn mo ghrása ag g(ó)il ann,

'S í anois ag fear eil' pósta agus

gan í bheith liom.


Nessun commento: